National Standards Authority Of Ireland

Language: English | Irish


Cairt Chustaiméara


Leagann an chairt thíos síos na caighdeáin seirbhíse is féidir lenár gcuid Custaiméirí súil a bheith acu leo ón NSAI.


1. Ár luachanna custaiméara a threoraíonn an tSeirbhís a sholáthraímid:

a. Is mór againn ár gcuid custaiméirí.

b. Cabhraímid lenár gcuid custaiméirí a gcuid riachtanas a shainiú.

c. Bímid freagrach agus solúbtha laistigh dár bhfeidhm thráchtála agus reachtúil agus muid ag freastal ar riachtanais ár gcuid custaiméirí.

d. Tá an bealach ina bpléimid lenár gcuid custaiméirí cúirtéiseach, cairdiúil agus airdeallach.


2. Cuirfidh an NSAI an tseirbhís seo ar ardchaighdeán ar fáil faoi na cinnteidil seo a leanas:

Custaiméir
Bronnann an chairt seo na leibhéil chéanna measa aguscúirtéiseachta ar an bpobal is atá ar Fhoireann an NSAI.

An Cleachtas is Fearr
Glacfar leis an gcleachtas is fearr agus seirbhís á soláthar mar atá leagtha síos i gCothú Dhul Chun Cinn.

Eolas Custaiméara
Cuirfear feasacht phoiblí ar chláir an NSAI chun cinn. Is féidir le custaiméirí teacht ar eolas faoi sheirbhísí an NSAI trí theagmháil a dhéanamh le haon cheann dár gcuid oifigí timpeall na tíre nó ar
láithreán gréasáin an NSAI.

Comhionannas
Cuirfear ár gcuid seirbhísí ar fáil do gach custaiméir i mbealach cúirtéiseach, cothrom agus neamhchlaonta de réir reachtaíochta comhionannais. Éascófar rochtain ar sheirbhísí an NSAI do dhaoine le míchumais.

Sláinte, Sabháilteacht agus Leas
Cuirfear oifigí poiblí atá de réir caighdeán ceirde, sábháilteachta agus leasa ar fáil.


Príobháideachas agus Rúndacht
Déanfar gach gnó lenár gcuid custaiméirí i mbealach a léiríonn meas ar a gcuid ceart príobháideachais agus rúndachta chomh fada is a ligeann ár ndualgais reachtaíochta dúinn é sin a dhéanamh.

Comhchomhairleacht / Aiseolas
Éistfear le dearcaí a chuirtear in iúl, cuirfear luach orthu agus déanfar iad a mheas, agus más féidir, laistigh de scála ama réalaíoch, aontófar céimeanna le dul chun tosaigh. Fáiltíonn an NSAI roimh bhur gcuid tuairimí, moltaí agus dearcaí ar aon ghné dár gcuid seirbhísí mar go gcabhróidh sé seo linn freastal níos fearr a dhéanamh ar bhur gcuid riachtanas.

Sciobhthacht
Freagrófar litreacha, ceisteanna, ríomhphoist agus glórphoist go sciobtha agus i mbealach éifeachtach. Má thógann ullmhú freagra níos mó ná 5 lá oibre, eiseoidh an NSAI admháil ar gach
teachtaireacht / comhfhreagras.

Ceisteanna
Le plé le ceisteanna i mbealach oscailte, oibiachtúil agus cothrom déanfar gach iarracht ceisteanna a réiteach, ar bhealach a shásaíonn an custaiméir agus an NSAI, ag leibhéal áitiúil.

Tá ról ag an NSAI de réir dualgas reachtaíochta faoi na hAchtanna Méadrólaíochta 1980 go 1998 agus de réir na cairte agus reachtaíochta seo.

Gearáin Chustaiméara
Pléifear le gach gearán custaiméara faoin bPolasaí um Ghearáin Chustaiméara.

Tagairt:
Acht Údarás Náisiúnta Caighdeán na hÉireann, 1996.

An tAcht Forbartha Tionsclaíochta (Fiontraíocht na hÉireann), 1998.

Comhaontú
Chomhaontaigh baill an Choiste Ghnó an chaipéis seo agus chomhaontaigh baill Fhóram Páirtnéireachta na gCeardchumann an chaipéis seo ag cruinniú an Fhóraim Chaidreamh Tionsclaíochta 6 Aibreán 2004.




Last Updated - [02 Aug 2007 @ 12:29:52]

NSAI
1 Swift Square,
Northwood,
Santry
Dublin 9, Ireland

Telephone: +353 1 807 3800
Fax: +353 1 807 3838
Email: nsai@nsai.ie

WAII
Privacy Policy | Site Map
© 2006 National Standards Authority